Ficsean Eolaíochta na hÉireann agus Lúcháir is Dúshlán an Aistriúcháin

Hosted by Gaeilge - Cloch Shiurdáin

Tweet Share

Beidh an t-údar Jack Fennell i láthair ar an 30 Márta ag a 8pm i siopa leabhar Síle na gCíoch i gCloch Shiurdáin, Co. Thiobraid Árann. Is údar ceannródaíoch é, chomh maith le eagarthóir agus aistritheoir. Beidh sé ag labhairt faoi fhicsean eolaíochta agus fantaisíocht na hÉireann i mBéarla agus i nGaeilge. Is réimse litríochta é seo nach bhfuil mórán taithí ag daoine air, agus labhróidh sé faoi na dúshláin a bhain leis chomh maith leis an taitneamh a bhain sé as an aistriúchán. Beidh sé faoi agallamh trí mheán na Gaeilge ag Annemarie Nugent, múinteoir, eagarthóir agus aistritheoir, atá suim faoi leith aici i bhficsean eolaíochta agus fantasaíocht.

Repeats:
Time:
March 30, 2019, 8 p.m. - March 30, 2019, 9:30 p.m.

Comments

Attendees (1)

Photos